I think the article is from the late 1950’s.
Courtesy: John Kelly Senior’s belongings
Transcription:
Siopadóir atá ina ealai ceoil
Tá sé de nós ag go leor den lucht ceoil bualadh isteach i siopa Sheáin Uí Cheallaigh (John Kelly) aon uair a bhíonn siad thart ar Shráid Céipil i mBleá Cliath mara bhfuil an siopa aige. Tá an nós sin ann le blianta fada anois mar is fear e Seán atá sásta i gcónaí an obair a chur dhe ar feadh tamaillín chun dreas cainte a dhéanamh agus is é an ceoil an t-abhar is rogha leis.
A ghrá don cheol is cuis leis sin, ár ndó. Ceoltóir traidisitiúnta den seanddanamh iseadh Seán, fidléir den chéad scoth agus téann a aigne star go heasca do na seanlaetha i gCo an Chláir mar a rugadh é sa bhliain 1914, agus do na ceoltóirí a bhí suas le linn a óige i Ratha, baile fearann atá idir Cill Beatha agus Carraig an Chobhaltaigh.
D’fhás sé suas faoi anál an cheoil, a bhí flúirseach san áit sin agus é ina ghasúr. Ba cheoItoirí iad uilig, beagnach, muintir a mháthar—lucht cairdín agus consairtín—agus bhí uncal aige de mhuintir Uí Dhomhnaill as Cill Chaoi, a bhi ina fhidléir chomh maith.
Seancheoltoir
B’é an consairtín an chéad ghléas a mheall Seán ach tháinig sé faoi thionchar Patsy 0 Gaora, an fidléir, nuair nach raibh sé ach dhá bhliain déag d’aois agus d’éirigh leis an gleas sin a fhoghlaim cé nach bhfuair se aon cheachtanna foirmeálta riamh.
B’iontach an fidléir é Patsy de réir Sheáin agus cloiseann sé a chuid ceoil ina cheann go dtí an lá atá inniú ann. Fear barúil a bhí ann, chomh maith, an-mheas aige air féin mar cheoltóir agus an ceart aige. admhaíonn Sean. Iarradh air uair seint ag bainis. Leanadh an choisir ar feadh an lae an uair úd of phóstaíf an lánúin go dtí trathnona ach, fén am sin, bhí Patsy imithe leis an mbrídeog, pósadh iad, agus shocraíodar síos le cheile go sasta! Thart ar 1935 a d’eag Patsy.
Is cuimhin le Seán freisin go leor ceoltóirí eile mar Shéamas ) Gaora (deartháir Patsy) a shiúil an taobh sin tire ag seint is ag múineadh ceoil agus Seoirse O Faoláin, fear eile a bhíodh ag múineadh ceoil ar fuaid an chontae.
Chuaigh Seán O Ceallaigh le feirmeoireacht i dtosach a shaoil ach tháinig se go Bleá Cliath ar ball marar chas ceoltóiri na cathrach air. Bhí ancheol i mBleá Cliath an uair úd (1934) ach ní raibh na clubanna ann mar atá siad anois. I dtithe na gceoltóirí a thagadh siad le chéile agus bhí siopa Sheáin ina áit cruinnithe acu.
Ní bhíodh na seisiúin acu an tam sin fé mar a bhfíonn anois. Ceol aonair ba mhó a chasaidis agus sé tuairim Sheáin gur ardaíodh an caighdéan go mhór dá bharr.
Stíl an Chlair
Ait go leor níor shein Seán go rialta riamh le haon cheann de na bannaí céilí a bhí fliúirseach sa chathair ná níor bhac sé riamh le comórtaisí ná aon rud dá sórt.
Nuair a bhí Seán 0 Riada ag cur Ceoltóirí Chualann le chéile, ámh, d’airigh leis Seán 0 Ceallaigh a mhealladh isteach ann agus to se ann ó shin. Tá anmheas aige ar obair Uí Riada agus is mór an taitneamh is an spreagadh a gheibheann sé as ceol Uí Riada a sheint.
Tá Sean pósta agus triúr ceolteóirí óga aige anois—Micheál agus Seán (fidléirí) agus Antoine, atá ina phíobaire.
Mar a dúras i dtosach, is ceoltóir traidisiúnta é Sean O Ceallaigh go smior. Tá stíl an Chláir go pras aige agus stór fonn. Tig le ceoltóirí na linne sea a gceard a fhoghlaim ó leithéidí Sheáin Uí Cheallaigh.
Deasún Mac Liam.